FÁILTE

 
Tús Maith
Musaem Chorca Dhuibhne
ag caint


Baile an Fheirtéaraigh,
Trá Lí
Co. Chiarraí

Fón: +353 (0)66 915 6100
Facs: +353 (0)66 915 6348
Ríomhphost: eolas@cfcd.ie

Togra cultúir is oidhreachta is ea Oidhreacht Chorca Dhuibhne.  Tá an comhlacht lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, in Iardheisceart Cho. Chiarraí.  Tá an Oidhreacht ann ó 1980 agus é ar cheann d’fhochomhlachtaí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. 

An aidhm atá aige ná oidhreacht ársa teangan, chultúir, litríochta is sheandálaíochta leithinis Chorca Dhuibhne a chaomhnú, a bhuanú is a chur chun cinn ar mhaithe le pobal  an cheanntair agus do thurasóirí is do chuairteoirí chun na háite. 

Deintear iarracht ar leith, tré ghníomhartha na hOidhreachta. an Ghaoluinn a bhuanú mar theanga theaghlaigh, teanga an phobail agus teanga an lucht ghnó.  Is mór ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne an tacaíocht a fhaigheann an t-eagras ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta, ón gComhairle Ealaíon is ón gComhairle Oidhreachta.

Cláraigh anso do Chúrsaí 2010
Register for Irish Lanugage Courses for Adults 2010
 

“Sé is brí le hoidhreacht ná suim na n-acmhainní atá againn chun maireachtana” 
Doncha Ó Conchúir, duine de bhunaitheoirí Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

31ú Eanáir 2012
Tithe ar cíos á lorg do Chúrsa Gaeilge 1-21 Iúil - do dhaoine fásta

 

Lóistín Féinfhreastail/ tithe ar cíos:  á lorg do 180 duine fásta ón 1-21 Iúil - 3 seachtaine as a chéile -

 

Má tá tigh (tithe) agat le ligean ar cíos, cuir glaoch ar Chaitríona Ní Chathail nó Ciara Ní Ghairbhí ag 066 9156100 a luaithe agus is féidir - (nó cuir glaoch ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh)


A THUILLEADH

4ú Eanáir 2012
Plean Forbartha Pobail Teanga Lárnaithe

Plean Forbartha Pobail Teanga Lárnaithe

Leanfar leis an obair maidir le Plean Forbartha Pobail Teanga Lárnaithe d’Iarthar Dhuibhneach a dhréachtadh agus a fhoilsiú in 2012. Is próiseas é an sórt seo oibre a thógann am agus comhoibriú. Más spéis leat an obair bheadh an-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh linn – ba mhór ag an nGrúpa Stiúrtha tacaíocht an phobail san obair seo.  


A THUILLEADH

4ú Eanáir 2012
Cúrsa / Course : (i) Cruinneas & Scríobh na Gaeilge (ii) An Ghaeilge & an Fhilíocht & An Ealaín ; The Irish Language and the Arts: Poetry & Painting

2012

24-25 Feabhra

Cruinneas agus Scríobh na Gaeilge

Pléifear litriú, ceisteanna cruinnis agus gramadaí agus cúrsaí eile a bhaineann le háiseanna don té atá ag scríobh nó ag teagasc na Gaeilge./ Ní mhór do rannpháirtithe a bheith líofa go maith sa Ghaeilge/ Participants, who need to be quite fluent in Irish, will write/correct/proofread sample material, discuss matters arising and some helpful resources/tools available to teachers, translators etc.

Costas €100

 

25 & 26 Márta/ March

An Ghaeilge & An Fhilíocht & An Ealaín/

The Irish Language & The Arts: Poetry & Painting.

Do rogha! Ceardlann filíochta nó péintéireachta tré Ghaelainn in atmaisféar taitneamhach i gceantar álainn Chorca Dhuibhne.

Costas: €130

 


A THUILLEADH

    Teagmháil     Logáil Isteach     © Oidhreacht Chorca Dhuibhne 2012