Ionad Seirbhísí Teanga an Daingin
Tá ionad nua do Sheirbhísí Teanga ar oscailt sa Daingean ó Mheán Fómhair 2008. Tá an t-ionad lonnaithe in Áras Éamainn Rís ar an Meall. Is ann a reachtáltar Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta agus táthar ag súil leis amach anseo go mbeidh seirbhísí teanga breise á soláthar ann do mhuintir is do lucht gnó an Daingin.
|