066 9156100

cfcd@cfcd.ie

Scéimeanna Fostaíochta Pobail

Tá na cúrsaí seo á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne i gcomhar le F.Á.S le dhá bhliain déag. I láthair na huaire tá fiche duine agus saoiste ag obair ar an scéim reatha. Obair chothabhála ar hallaí agus ar áiseanna pobail chomh maith le hobair ar na bailte slachtmhara is mó atá i gceist. Obair chothabhála ar hallaí agus ar áiseanna pobail chomh maith le hobair ar na bailte slachtmhara is mó atá i gceist.

Teicneolaíocht an Eolais

Thosnaigh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ar chúrsaí ríomhaireachta a reachtáil sa bhliain 1983 agus lean sé seo ar aghaidh go dtí an bhliain 2003. Le linn an ama sin reachtáladh ana-chuid cúrsaí oiliúna sa Ríomhaireacht sa Daingean. Fuair 90% dóibh siúd a dh’fhreastail ar na cúrsaí seo fostaíocht bhuan, de réir aisghairm eolais ós na rannpháirtithe.