066 9156100

cfcd@cfcd.ie

Togra na dTeaghlach Gaeltachta: Tithe le ligean ar cíos & ioncam saor ó cháin á dtairiscint againn

Togra na dTeaghlach Gaeltachta
Léiriú Spéise á lorg ag CFCD
Tithe le ligean ar cíos & ioncam saor ó cháin á dtairiscint againn

Tá Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne (CFCD) ag cur liosta le chéile do theaghlaigh le Gaeilge a mbheadh suim acu i dtogra nua ceannródach a bheidh á reáchtáil againn sna blianta atá romhainn. Ár mbuíochas le gach éinne a léirigh suim go dtí seo agus beimid i dteagmháil libh arís go luath.

Beidh 4 thigh nua á dtógáil i mBaile an Fheirtéaraigh ag CFCD, ag tosnú i Mí Eanáir 2025, agus á gcur amach ar cíos againn i 2026 agus beidh ioncam saor ó cháin ar fáil ag na tionóntaí trí úsáid a bhaint as an t-ioncam sin do scoláirí ó Choláistí Chorca Dhuibhne (CCD).

Sonraí:

  • 4 thigh nua-thógtha ar ghrád A2 le 5 sheomra leapan an ceann iontu. (ullamh sa bhliain 2026)
  • Lonnaithe i lár Bhaile an Fheirtéaraigh ar shuíomh an tseana Chomharchumainn.

Coinníollacha:

  • Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar theanga an tí.
  • Cuirfear an tigh ar cíos don tionónta ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad.
  • Caithfidh an tionónta lóistín a chur ar fáil do scoláirí ó Choláistí Chorca Dhuibhne ar 7 cinn (14 seachtaine) ar a laghad, de na cúrsaí is gnóthaí i rith na bliana, a bheidh aontaithe le CCD roimh ré. Beidh an tionónta mar Bhean/Fhear a’ Tí do na scoláirí i rith na gcúrsaí.
  • Tríd scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeltachta, bíonn an t-ioncam a fhaigheann Bean / Fear an Tí, as lóistín a chur ar fáil do scoláirí, ar fad saor ó cháin. Tá próiseas ann chun an t-aitheantas seo a bhaint amach ach beimid ar fáil chun cabhrú leis an bpróiseas seo.
  • Tá spás do 16 scoláire sna tithe nua.
  • Mar shampla, is féidir suas le €50,960 a thuilleamh saor ó cháin – bunaithe ar 16 scoláire ar 7 chúrsa coicíse (14 seachtaine i rith na bliana). Beidh deis ann níos mó ná 7 chúrsa a thógáil, ag brath ar éileamh.
  • Beidh téarmaí & coinníollacha níos cuimsithí le fáil leis na daoine a léiríonn suim sa togra seo.

Má tá suim agat d’ainm a chur ar an liosta léirithe spéise, seol do chuid sonraí go p.ose@cfcd.ie roimh 14 Eanáir 2025