Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí. | Fón: 00 353 (0)66 9156100 | Facs: 066 9156348 | Rphost: cfcd@cfcd.ie

 

 

Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta,
eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Tá ár bpríomhoifig lonnaithe i
mBaile an Fheirtéaraigh, ocht míle laistiar de bhaile an Daingin, i gCo. Chiarraí. Sí leithinis
Chorca Dhuibhne an leithinis is sia ó thuaidh i gCiarraí. Bhí an Comharchumann páirteach i
dtionscnaimh éagsúla ó shin i leith.

Tá scóip na heagraíochta leathnaithe amach an-mhór trí na blianta. 'Siad na Cúrsaí Gaeilge do
dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl againn anois. Eagraíonn
Coláistí Chorca Dhuibhne na cúrsaí seo; fo-chomhlacht de chuid an Chomharchumainn. Thosaigh na cúrsaí seo i 1969 agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin.

Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fho-chomlacht den Chomarchumann. Eagraíonn an Oidhreacht imeachtaí cultúrtha éagsúla agus 'Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta'.

Ceann de na himeachtaí eile atá á n-eagrú ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne is ea na Cúrsaí Oiliúna Ríomhaireachta a reachtáiltear i gcomhairle le FÁS.

Miseanráiteas
 
Eagras pobail Gaeltachta é Comharchumann Forbartha Chorca a dheineann saol pobail, cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta mhuintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a fhorbairt is a fheabhsú agus a dheineann cúram ar leith den nGaoluinn agus de chearta teanga an phobail agus é i mbun na forbartha sin.

 

© Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. 2000 - 2024 | English Version

Website Design: Eigon Solutions