066 9156100

cfcd@cfcd.ie

Músaem Chorca Dhuibhne
Músaem Chorca Dhuibhne

Músaem Chorca Dhuibhne

Iarsmalann Chiarraí Thiar

Tá Músaem Chorca Dhuibhne lonnaithe sa seana-thigh scoile (a tógadh sa bhliain 1875 – séadchomhartha ann féin!) i mBaile an Fheirtéaraigh, 13 km (8 míle) siar ó bhaile iascaireachta an Daingin, in iarthar Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ceantar aoibhinn in iar-dheisceart na hÉireann.

Bailíonn, cosnaíonn, coimeádann, coinníonn in iontaoibh, taispeánann agus léirmhíníonn Músaem Chorca Dhuibhne réimse leathan iarsmaí agus sonraí a bhaineann le hoidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha Leithinis Chorca Dhuibhne, agus déanann sé a dhícheall oideachas, siamsaíocht agus saibhriú a thabhairt do gach cuairteoir, ón mac léinn áitiúil go dtí an scoláire, chomh maith lenár gcuairteoirí samhraidh iomadúla, ó Éire agus thar lear.

Sa mhúsaem gheobhaidh tú éachtaint ar gheolaíocht, ar sheandálaíocht agus ar stair na leithinise. Tá cuid dos na hiarsmaí ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus táimid an-bhuíoch díobh astu sin. Féach ar ár gCatalóg

Bíonn clár taispeántaisí taistil bliantúil ar ábhair dhifriúla againn chomh maith. (Taispeántaisí Taistil). Tá ár dtaispeántas reatha, a bhfuil súil againn a bheith ar taispeáint go luath, faoi ‘An tAigéan agus Sinne”, urraithe ag Foras na Mara, Foras na Mara (Féach chomh maith ‘Nuacht’).

Oibríonn Músaem Chorca Dhuibhne go dlúth i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ag eagrú imeachtaí agus gníomhaíochtaí chun gnéithe den oidhreacht doláimhsithe maidir leis an gcultúr Gaelach a chur chun cinn agus chun béim a láidriú ar úsáid na Gaeilge.

Bímid breá sásta chomh maith eolas a chur ar fáil faoi shiúlóidí sa cheantar, suíomhanna ar mhaith leat cuairt a thabhairt orthu agus gníomhaíochtaí eile atá ar fáil in Iarthar Chiarraí.

Tá caifé (bácáil sa bhaile!), agus siopa leabhar, ina bhfuil cártaí agus bronntanais bheaga a rinneadh sa cheantar, sa mhúsaem freisin.

I rith míonna an gheimhridh tá an músaem ar oscailt ach é a iarraidh. Cliceáil anseo le haghaidh sonraí teagmhála. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt

Téigh go dtí an suíomh Gréasáin

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Ár gCuideachtaí

Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Cuidíonn Oidhreacht Chorca Dhuibhne trína ghníomhaíochtaí, a fhoilseacháin agus a thionscadail éagsúla, lena n-áirítear músaem réigiúnach, oidhreacht shaibhir teanga, seandálaíochta agus chultúrtha Chorca Dhuibhne a cheiliúradh, a chur chun cinn agus a chothabháil.

Tuilleadh
Tobar Dhuibhne

Tobar Dhuibhne

Is nuair a bhíonn teanga á tabhairt ar aghaidh sa bhaile amháin a bhfuil seans éigin ann go mairfidh sí go fadtéarmach. Seachas sin, d’fhéadfadh iarrachtaí eile chun an teanga a chothú in áit eile, m.sh. i scoileanna nó eaglais, a bheith siombalach nó searmanais den chuid is mó.

Tuilleadh
Coláistí Chorca Dhuibhne

Coláistí Chorca Dhuibne

Is Coláiste Gaeilge i nGaeltacht an Daingin é Coláistí Chorca Dhuibne a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil don aoisghrúpa 12-18. Tá cúrsaí ar siúl i gCeann Trá, An Fheothanach, Lios Póil, An Mhuiríoch agus Baile an Fheirtéaraigh

Tuilleadh
Músaem Chorca Dhuibhne

Músaem Chorca Dhuibhne

Bailíonn agus cosnaíonn Músaem Chorca Dhuibhne réimse ábhar agus sonraí a bhaineann le hoidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha Leithinis an Daingin, agus déanann sé a dhícheall oideachas, siamsaíocht agus léargas a thabhairt do gach cuairteoir.

Tuilleadh
Sout West Gno Skillnet

South West Gnó Skillnet

Is gréasán oiliúna agus foghlama uathúil é South West Gnó Skillnet a fheabhsaíonn iomaíochas iomlán a bhallchomhlachtaí san Iardheisceart agus sna Gaeltachtaí.

Tuilleadh