CÚRSAÍ OILIÚNA DO DHAOINE FÁSTA I gCORCA DHUIBHNE

 
Tús Maith


Baile an Fheirtéaraigh,
Trá Lí
Co. Chiarraí

Fón: +353 (0)66 915 6100
Facs: +353 (0)66 915 6348
Ríomhphost: eolas@cfcd.ie

 


Deineann Oidhreacht Chorca Dhuibhne freastal ar fhoglaimeoirí Gaoluinne ag gach aon leibhéal líofachta, ó Ghlantosnaitheoirí go dtí an Ardleibhéal agus go dtí Cúrsaí Oiliúna Teanga do Chainteoirí Gaoluinne.  Reachtáltar na cúrsaí seo ar fad i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh, i gcroílár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus áit a bhfuil cáil air maidir lena áilleacht is saibhreas seandálaíochta. 

Ar na cúrsaí a reachtáltar tá:

  •   Clár Ranganna Gaeilge Geimhridh do Dhaoine Fásta (pobal Chorca Dhuibhne)
  •   Clár Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta (Clár an tSamhraidh & Clár na Bliana reatha fé iamh)
  •   Sainchúrsaí Gaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile a oileadh lasmuigh den Stát
  •   Cruinnscríobh na Gaeilge
  •   Sainchúrsaí Oiliúna i réimse an Oideachais
  •   Cúrsa Dioplóma sa Ghaoluinn (i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
  •   Cúrsa Dioplóma san Aistriúchán (i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
  •    Cúrsa Dioplóma i Léann an Traidisiúin (i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
  •   Cúrsa Dioplóma sna Dána (Seirbhísí Teanga agus Forbairt Leanaí)(i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)

 

    Teagmháil     Logáil Isteach     © Oidhreacht Chorca Dhuibhne 2024