FOILSEACHÁIN

 


Baile an Fheirtéaraigh,
Trá Lí
Co. Chiarraí

Fón: +353 (0)66 915 6100
Facs: +353 (0)66 915 6348
Ríomhphost: eolas@cfcd.ie

 

Suirbhé Seandálaíochta Chorca Dhuibhne (1986)
ISBN 0-906096-06-5

 

Cur síos atá sa bhfoilseachán seo ar láithreacha seandálaíochta bharúntacht Chorca Dhuibhne ón tréimhse Mhéisiliteach go dtí an 17ú aois.  

Go Barr   

Flóra Chorca Dhuibhne (1995)
ISBN 0-906096-07-3

 

Beidh spéis sa leabhar seo ag gach aon duine ar suim leis Corca Dhuibhne, go háirithe ó thaobh an nádúir de.  Cur síos atá sa leabhar seo ar fhlóra Chorca Dhuibhne.  Tá cur síos ann ar mhórán de ghnáthphlandaí Chorca Dhuibhne le pictiúirí áille daite.  Taispeántar na plandaí ina dtimpeallacht nádúrtha, le cur síos ar nósanna, ar leigheasanna traidisiúnta agus ar an mbéaloideas a bhaineann leo.

 

Tá Mír Shamplach anseo

Go Barr   

Clocha Oghaim Chorca Dhuibhne (1995)
IISBN 0-906096-08-1

 

Treoirleabhar ar Chlocha Oghaim Chorca Dhuibhne is ea an foilsiúchán beag seo. Deintear cur síos ann ar an scríbhneoireacht ársa seo agus deintear tagairt ann do na ceantair ina bhfuil Clocha Oghaim le fáil iontu.

Go Barr   

Tídil Eidil Éró Amhránaíocht Thraidisiúnta don Aos Óg
Dhá dhlúthdhiosca agus Leabhar Amhrán (2009)

ISBN0-906096-14-6

Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis:
An tAonad Forbartha Curaclaim,
Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Luimneach

 

 

Éist le glúin óg amhránaithe ó Chorca Dhuibhne agus an ghlúin fhásta aitheanta leis an hamhráin chéanna ar an dá CD seo a eisíodh mar chuid den dTogra Béaloidis i mBunscoileanna Chorca Dhuibhne, comhthogra idir Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh agus an tAonad Forbartha Curaclaim i gColáiste Mhuire gan Smál in Ollscoil Luimnigh.

Tá dhá mhír físe ar na CDanna agus leabhar amhrán, maisithe ag an ealaíontóir Dómhnal Ó Bric sa phacáiste chomh maith, ina bhfuil nótaí ar na hamhráin don mhúinteoir nó don té a bhfuil suim aige in amhráin thraidisiúnta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne is a scéal.

Éist le ceann des na hamhráin á chanadh ag an nglúin óg agus leagan ón gcartlann:

CD1, Rian 17

CD2, Rian 16

Go Barr   

Rabhlaí Rabhlaí Rogha Rannta Traidisiúnta don Aos Óg (1998)
ISBN 0-906096-09-X

Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis:
An tAonad Forbartha Curaclaim,
Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Luimneach

 

 

Cnuasach de rannta traidisiúnta, tionlacan ceoil leo, iad á n-aithris ag meitheal leanaí is daoine fásta ó Chorca Dhuibhne ar théip agus ar dhlúthcheirnín, agus leabhar maisithe leo.

 

Tá Scéal Samplach anseo

Go Barr   

Scéilín ó Bhéilín Scéalta Traidisiúnta don Aos Óg le Ceol ar Dhlúthdhiosca (2003)
ISBN 0-906096-10-3

Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis:
An tAonad Forbartha Curaclaim,
Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Luimneach

 

 

Scéalta traidisiúnta, le ceol, don aos óg á n-insint ag trí ghlúin de mhuintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne atá sa leabhar seo.
Bain taitneamh as roinnt de mhórscéalta Chorca Dhuibhne sa phacáiste seo ar nós An Dá Chruitíneach, Naomh Cuán agus an Phiast agus Cathair Conraoi. Gheobhair téacs na scéalta le gluais is nótaí orthu, le léaráidí ildaite le Dómhnal Ó Bric, chomh maith le modheolaíocht na scéaltóireachta don aos óg.
Tá 13 rian le 30 guth de mhuintir Chorca Dhuibhne ar an ndlúthdhiosca, ina measc guth an scéaltóra Bab Feiritéar.  An ceoltóir clúiteach Stiofán Ó Cuanaigh an léiritheoir ceoil. Tá poirt de chuid an bhailitheora cheoil, James Goodman, le clos ar feadh na huaire, le cead ó Choláiste na Trionóide.

 

Tá Scéal Samplach anseo

Go Barr   

Céad Bliain (2005 Athchló)
ISBN 0-906096-12-X

 

1871-1971 Stair agus Seanchas Pharóiste an Fheirtéaraigh in eagar ag Micheál Ó Ciosáin (1973). Tá cur síos sa leabhar seo ar Shagairt Pharóiste an Fheirtéaraigh agus a mbeatha, Na Gearaltaigh, An Eacnamaíocht, an Stair Shóisialta agus litríocht an pharóiste i measc rudaí eile. 

Go Barr   

Bun a’Bhaile Amhráin ón mBlascaod (2003)
le Máiréad Mhic Dhonncha
ISBN 0-90609 013-8

 

CD Amhráin ón mBlascaod Mór á gcanadh ag Máiréad Mhic Dhonncha ó Bhaile Reo, Corca Dhuibhne agus Ráth Chairn agus gur ón mBlascaod a muintir.

Go Barr   

Labharfad Leat Saothar Nua ó Óige Chorca Dhuibhne (2005)
ISBN  0-906096-11-1

 

Saothar nuaphróis is filíochta de chuid dhéagóirí Chorca Dhuibhne I bPobalscoil an Daingin, curtha le chéile fé stiúir Bhríd Ní Mhóráin, scríbhneoir cónaitheach ag Oidhreacht Chorca Dhuibghne.

Go Barr   

An Cosán Bán (2008)

Dánta: Bríd Ní Mhóráin
Léaráidí: Barbara Hirst

ISBN 0-906609-613-8

 

Leabhar dánta leis an bhfile Bríd Ní Mhóráin ón gCam I gCo. Chiarraí, agus iad aistrithe go Béarla, agus na dánta sin maisithe ag saothar ealaíne Barbara Hirst ó Cheanada.

Go Barr   

    Teagmháil     Logáil Isteach     © Oidhreacht Chorca Dhuibhne 2012