|
|

Pleanáil Teangan
Tuigtear anois níos mó ná riamh a leochailí is atá cúrsaí teangan sna Gaeltachtaí i láthair na huaire is a thábhachtaí is atá sé go mbeadh plean struchtúrtha cuimsitheach teanga ag na pobail Ghaeltachta féin le tacú leis an nGaoluinn, má tá sí le maireachtáil mar theanga phobail. Áirítear Gaeltacht Chorca Dhuibhne mar cheann des na Gaeltachtaí is láidre sa tír ó thaobh teanga de. Ag an am gcéanna, áfach, ní mór bheith gníomhach i gcónaí chun beartais a fhorbairt a dhéanfaidh leas na teanga mar theanga phobail, mar theanga an teaghlaigh is mar theanga scoile. Dírítear aird ar a leithéid i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002), áit a moltar do mhuintir na Gaeltachta féin cinneadh cinniúnach a dhéanamh fén dteanga agus ról lárnach a ghlacadh chucu féin i slánú na teanga, go háirithe má tá ag teip ar iarrachtaí an Stáit an teanga a chur chun cinn. Tá práinn leis an gcinneadh sin i bhfianaise a bhfuil ráite sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007).
Tá aitheantas bainte amach ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus ag scéimeanna teangan dá cuid ó bunaíodh í i 1980. Bíonn an eagraíocht lárnach ins gach aon díospóireacht a bhíonn ar siúl maidir le todhchaí na teangan sa cheantar seo. Tuigtear go maith a thábhachtaí is a leochailí ‘s atá todhchaí na teanga don bpobal agus is dá bharr sin a thugtar gach aon chabhair agus tacaíocht gur féidir do ghrúpaí agus do dhaoine aonair chun iad fhéin a spreagadh agus a láidriú ó thaobh na Gaeilge. Ar na gnéithe den bPleanáil Teangan a bhfuil baint ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne leo tá:
- Oiliúint sa bhFeasacht Teanga
- Forbairt Scéimeanna Teanga
- Pleanáil Teanga sna Réimsí Oideachais, ón Luathoideachas go dtí an Tríú Leibhéal
- Pleanáil Teanga sa phobal, idir óg is aosta
- Scéim na gCúntóirí Baile
- Tús Maith: Scéim na gCuairteoirí Baile
Tuilleadh eolais
Caitríona Ní Chathail,
Oifigeach Oideachais
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.
caitriona@cfcd.ie
|
| |
|
Go Barr
Scéim na gCuairteoirí Teanga Baile
Bunaíodh Scéim na gCuairteoirí Teangan Baile sa bhliain 2005 tar éis tréimhse taighde is oiliúna a mhair trí bliana. I gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a deineadh an taighde is an oiliúint. An phríomhaidhm atá ag an scéim seo ná eolas, comhairle, tacaíocht, cabhair is áiseanna a chur ar fáil do thuismitheoirí ar mian leo a leanaí a thógaint le Gaoluinn. An tUasal Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe is Gaeltachta a dhein an Scéim ‘Tús Maith’ a sheoladh go hoifigiúil i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Ceapadh Stiúrthóir na Scéime a dhein tréimhse bolscaireachta don Scéim i measc tuismitheoirí, oibrithe sláinte, Stiúrthóirí Naíonraí is Áisíneachtaí Luathoideachais eile. Cuireadh leabharlann áiseanna, ábhar éisteachta, leabhar is bréagán le chéile chomh maith le pacáiste saor in aisce nó Bounty Pack a dháilfí ar thuismitheoirí nua. Ceapadh ceathrar Cuairteoirí Baile chun an Scéim seo a chur i bhfeidhm. Ó bunaíodh an Scéim seo sa bhliain 2005 tá Grúpaí Súgartha is Grúpaí do Mháithreacha is do Leanaí tagtha ar an bhfód le tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil.
Tuilleadh Eolais
Orlaith Ruiséal
Stiúrthóir ‘Tús Maith’
f/ch Oidhreacht Chorca Dhuibhne,
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí
orlaith@cfcd.ie
|
| |
|
Go Barr
Scéim na gCúntóirí Teanga
Tá Scéim na gCúntóirí Teangan do bhunscoileanna is iarbhunscoileanna Ghaeltachtaí na Mumhan á riaradh ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá an scéim sé bliana déag ar an bhfód agus breis is 25 cúntóir teanga fostaithe aici. Eagraíodh cúrsa oiliúna do chúntóirí teanga Chorca Dhuibhne i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha (DIT) le linn 1997/1998. Deineann Oidhreacht Chorca Dhuibhne Cúrsaí Oiliúna Leanúnacha do Chúntóirí Teangan a reachtáil dhá uair sa bhliain agus deineann monatóireacht leanúnach ar an Scéim tré thuarascálacha a lorg ós na scoileanna atá rannpháirteach inti. Na dúshláin is mó atá ag scoileanna Gaeltachta fé láthair ná an líon daoine atá ag teacht chun na scoile ná beadh Gaoluinn acu nó ná beadh Gaoluinn ach ag tuismitheoir amháin. Cuireann na Cúntóirí Teangan cabhair bhreise ar fáil dos an leanaí sin atá ar bheagán Gaoluinne. Bíonn siad ar fáil chomh maith i scoileanna áirithe chun saibhriú a dhéanamh ar Ghaoluinn na gcainteoirí dúchais.
Tuilleadh Eolais
Máire Uí Shíthigh,
f/ch Oidhreacht Chorca Dhuibhne,
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí
mus@cfcd.ie
|
| |
|
Go Barr
|