TOGRAÍ EALAÍNE, CEOIL & LITRÍOCHTA

 
Tús Maith


Baile an Fheirtéaraigh,
Trá Lí
Co. Chiarraí

Fón: +353 (0)66 915 6100
Facs: +353 (0)66 915 6348
Ríomhphost: eolas@cfcd.ie


Cuid den ról atá ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ná an teanga a chur chun cinn tré imeachtaí cultúrtha phobal na leithinise.  Ar na himeachtaí cultúrtha sin tá tograí Amhránaíochta, Ceoil is Rinnce a bhíonn á reachtáil i rith na bliana:

  • Scéim Chónaitheach don Amhránaí ar an Sean-nós. Tá Amhránaí Cónaitheach ag obair i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Chorca Dhuibhne le tamall de bhlianta agus í i mbun an cheoil a thabhairt don chéad ghlúin eile de amhránaithe óga i gCorca Dhuibhne.
  •  Tá pacáiste amhránaíochta dar teideal Beir Mo Dhúthracht le foilsiú sa bhliain 2008.  Amhránaithe óga Chorca Dhuibhne atá páirteach i dtaifead na nAmhrán ar an Sean-nós is mó ag pobal Chorca Dhuibhne.
  • Ceardlanna Amhránaíochta do dhaoine fásta is do dhaoine óga a eagrú agus tacaíocht a thabhairt do ócáidí pobail is dos na féilte áitiúla, Feíle Cheoil an Earraigh Bhaile an Fheirtéaraigh, mar shampla.  Leanfar leis an bpolasaí chun cur le stór amhrán amhránaithe an cheantair agus chun amhránaithe nua a thabhairt chun cinn.
  • Club Ceoil don aos óg.  Is fiú a oiread deiseanna agus is féidir a thabhairt dos na daoine óga a gcuid ceoil a chleachtadh go neamhfhoirmeálta.  Bíonn na ceoltóirí páirteach in ócáidí pobail agus tá súil go dtiocfaidh banna ceoil chun cinn de réir a chéile.
  • Ceardlanna Rince Seite a reachtáil ó am go chéile.  Cuireann an rince go mór le saol sóisialta an phobail. 

 An Litríocht & An Scríbhneoireacht Chruthaitheach.

  • Scéimeanna Léitheoireachta / Scríbhneoireachta do dhaoine fásta is do dhaoine óga.  Tá gá ag a leithéid chun go bhfaighfear taithí ar an léamh agus ar an scríobh ina dhiaidh san. Braitear ná fuil dóthain léitheoireachta á dheanamh ag an aos óg chun go dtiocfaidh feabhas ar an scríbhneoireacht chruthaitheach.  Caithfear ábhar léitheoireachta oiriúnach a sholáthar dóibh sara gcuirtear na daoine óga féin ag scríobh, mar is beag a léitear i ndáiríre, in aon teanga, lasmuigh den scoil.
  • Club Leabhar do Dhaoine Fásta i Leabharlann an Daingin go ceann tréimhse trí bliana eile.  An Scríbhneoir Cónaitheach a dheineann áisitheoireacht ar an ócáid.

Go Barr   

An Béaloideas agus an Scéalaíocht

  • Beidh súil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ealaín na scéaltóireachta a fhorbairt tré Scéimeanna Scéalaíochta a eagrú i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Chorca Dhuibhne.  Beidh an obair seo ag tógaint ar an obair atá déanta cheana féin le Roibeard Ó Cathasaigh ón Aonad Forbartha Curaclaim i gColáiste Mhuire gan Smál le foilsiú Scéilín ó Bhéilín agus Rabhlaí Rabhlaí.
  • Níl an traidisíun scéalíochta láidir agus ní cás spreagadh agus breis cabhrach a sholáthar do mhúinteoirí chun scéalaithe óga a thabhairt chun cinn.  Beidh gá le rogha scéalta oiriúnacha a aithint dos na haoisghrúpaí éagsúla agus ócáidí airneáin a eagrú.

Go Barr   

Na hAmharcealaíona

  • Is cuid de thraidisiún ealaíne Chorca Dhuibhne anois é taispeántas Fhéile na Cásca, taispeántas ealaíne bliantúil a reachtáltar do ealaíontóirí an cheanntair.  Beifear ag leanúint leis an dtaispeántas seo toisc an ardán a tugtar d’ealaíontóirí ar bheagán costais.  Mealltar ealaíontóirí go Corca Dhuibhne agus filleann ealaíontóirí ar an bhfód dúchais go minic, mar shampla, Liam Ó Néill agus Tomás Ó Cíobháin.  Dá mhéad taispeántaisí a bhíonn ar siúl i gCorca Dhuibhne,níl ceann ar bith chomh pobalbhunaithe le Féile na Cásca.

  • Leanfar leis na Scéimeanna Amharcealaíona ins na scoileanna.  Cuirtear am ar leataoibh gach aon bhliain in aon bhunscoil déag do pé togra a roghnaítear do Fhéile na Cásca.  Fostaítear triúr ealaíontóirí chun dul ag obair leis na múinteoirí  agus leis na daltaí maidir leis an dtéama.  Leanfar leis an bpolasaí seo mar tá caighdeán na hoibre ag dul i bhfeabhas in aghaidh na bliana.  Beidh súil le dul ag obair ar thograí i gcomhar le IMMA ó 2008-2010 agus déanfar é seo toisc an nasc láidir atá ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le healaíontóirí is le múinteoirí an cheanntair.
  • Deintear Campa Ealaíne Samhraidh a eagrú ar feadh coicíse i mí an Mheithimh i mBrú na Gráige i mBaile an Fheirtéaraigh.  Bíonn an campa ag freastal ar dhaltaí meánscoile na háite ó bhliain 1 & 2 agus ar aghaidh sa mheánscoil.
  • Le blianta beaga anuas tá cúrsa ar Stair na hEalaíne á dhéanamh ag pobal Chorca Dhuibhne agus turasanna á dtabhairt ar an cathracha móra ealaíne san Eoraip, an Véinéis, Florence agus Barcelona, mar shampla.

Go Barr   

Tograí Béaloidis

  • Acmhainn iontach oidhreachta í an teanga bheo.  Tá an Ghaoluinn i measc na dteangacha is ársa in Iarthar na hEorpa agus tá litríocht bhéil aici a théann i bhfad siar.  Dúshlán is ea é an traidisiún sin a chothú is a chur chun cinn agus an t-ábhar béaloidis a thaifead dos na glúinte atá le teacht.
  • Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Aonad Forbartha Curaclaim i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh ó 1991 agus le múinteoirí bunscoile Chorca Dhuibhne chun gnéithe den insint bhéil thraidisiúnta, an scéalaíocht, rannta do leanaí is amhráin a shní le taithí oideachasúil an aosa óig. ‘Sé Roibeard Ó Cathasaigh Stiúrthóir na dtograí éagsúla.  Baintear úsáid as Bailiúchán Béaloidis na Scol a deineadh ins na triochaidí ins an obair seo. 

Go Barr   

 

    Teagmháil     Logáil Isteach     © Oidhreacht Chorca Dhuibhne 2010