TÚS MAITH
Cad is Tús Maith ann?
Scéim tacaíochta do theaghlaigh gur mian leo a gclanna a thógaint le Gaeilge is ea ‘Tús Maith’. Scéim phíolótach í a thionscnaigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, i mí Eanáir 2005 chun comhairle, tacaíocht agus áiseanna a chur ar fáil do thuismitheoirí.
Ta Stiúrthóir agus ceathrar Cuairteoirí Baile ag obair le ‘Tús Maith’. Tuismitheoirí iad a thóg a gclanna féin le Gaeilge agus a dhein cúrsa oiliúna sa bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. ‘Siad siúd:
Orlaith Ruiséal 087 7581381
Áine Uí Fhlaithearta 087 9589306
Máire de Baróid 086 8560961
Áine Mhic Gearailt 087 7563127
- Ófráiltear cuairteanna baile do theaghlaigh. Tugtar pacáiste nó ‘Bounty Pack’ lán do áiseanna don gclann. Pléitear na mianta atá acu agus deintear measúnú ar an gcur chuige is fearr dóibh. Cuirtear ar an eolas iad maidir leis na háiseanna is déanaí atá ar fáil as Gaeilge. Tá leabharlann dos na háiseanna seo ar fáil ag ‘Tús Maith’ agus is féidir le daoine ábhar a thógaint ar iasacht.
- Bíonn club súgartha ‘Rógairí Beaga’ á rith na haon Dé Luain in Óstán na Sceilge. Tá an club seo oiriúnach do leanaí 0-4. Déantar rannta agus scéalaiocht leo agus bíonn eolas ar fáil maidir leis na háiseanna atá ar fáil as Gaeilge.
- Bíonn Club Súgartha i mBaile an Fheirtéaraigh gach maidin Déardaoin óna 10.30 – 12.00
Tuilleadh eolais ar fail ó:
TÚS MAITH
Stiúrthóir: Orlaith Ruiséal
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Baile an Fhéirtéaraigh
Teil.: 066 9156100
Facs: 066-9156348
Ríomhphost: orlaith@cfcd.ie
Suíomh idirlín: www.cfcd.ie/oidhreacht
|