066 9156100

cfcd@cfcd.ie

Cartlann nua ar-line de ghrianghaif áitiúla

Blaiseadh de Chorca Dhuibhne

An Togra – Cartlann Ghrianghraif ar-líne a bhunú

Tá Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag lorg grianghraif ón bpobal a tógadh sa cheantar le céad bliain anuas. Beidh an bailiúchán seo á chur ar chartlann ar-líne
againn agus ar fáil do chách. Beidh laethanta oscailte againn (19-21 Lúnasa) i Músaem Chorca Dhuibhne i rith Seachtain na hOidhreachta chun deis a thabhairt don
bpobal bualadh isteach chugainn lena ngrianghraif.